Jump to content

Péist ribíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPéist ribíneach
Nemertea Cuir in eagar ar Wikidata

Micrura verrilli Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamNemertea Cuir in eagar ar Wikidata
Schultze, 1851
Péist ribíneach fásta

Is éard is péist ribíneach ann ná péist leacaithe sheadánach. Faightear na hainmhithe fásta i stéig veirteabraigh. Bíonn an ceann ceangailte le slabhra teascán, a dhéantar trí bhachlú.

I dtimthriall a beatha bíonn staid larbhach a chaitheann sí in óstach idirmheánach a itheann an t-óstach deireanach. Deirtear gur inmhíolú é nuair a bhíonn péist ribíneach ina cónaí i stéig an óstaigh.

Tá gnéithe éagsúla a inmhíolaíonn an duine, ceann acu a fhásann chomh fada le cuid mhaith méadar, fiú. Ní chuireann sí tús le haon ghalar suntasach, ach is míthaitneamhach do dhuine í a bheith ann. Tá ceann a inmhíolaíonn muca is a chuireann tús le galar hiditíde, ionfhabhtú orgán éagsúil, go príomha ionfhabhtú an ae a dhéanann cisteanna ann, i ndaoine a itheann an mhuiceoil sin. Tá péisteanna ribíneacha a inmhíolaíonn madraí, cait, caoirigh, fiú éisc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Péist ribíneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 514.