Jump to content

Gaol fola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cóngas)
Cóngas Ríthe na Fraince san Arbor genealogiae regum Francorum (Bernard Gui, 14ú haois)

Deirtear go bhfuil gaol fola[1][2] (nó col fola[3]) ann idir daoine de shliocht duine ar leith amháin, a gcomhshinsear. I ngach sochaí dhaonna bíonn a leithéid de ghaol suntasach agus éagsúil ó ghaolta le daoine eile. Bíonn idirdhealuithe éagsúla suntasacha eile idir gaolta tríd an máthair is tríd an athair, idir garghaolta is gaolta atá fada amach ó chéile, agus idir gaolta den ghlúin chéanna is ó ghlúnta difriúla. I sochaithe beaga neamhthionsclaíocha, is minic gurb iad na gaolta fola príomhbhunús na sochaí. Bíonn difríochtaí móra idir córais, ag brath ar phatrúin cónaithe, dlíthe pósta, nósanna oidhreachta is eile.[4]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): gaol fola” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-09.
  2. “consanguinity” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-09.
  3. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): col fola” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-09.
  4. Hussey, Matt (2011). "Cóngas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 168.