Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Catrìona NicGumaraid"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 14: Líne 14:
D’fhoilsigh NicGumaraid a cuid dánta ar dtús in 1970, san iris ''[[Gairm]]''.<ref name=":0" /> Foilsíodh a cuid dánta ina lán irisí eile chomh maith, amhail ''Lines Review'', ''Akros'', agus ''Chapman'', agus tá dánta léi sa leabhar ''An Aghaidh na Sìorraidheachd'' a chuir Crìsdean MhicIlleBhàin in eagar in 1991. Scríobh NicGumaraid faoi chúrsaí grá, teaghlaigh, creidimh agus dúchais. Sna dánta ba luaithe aici ba mhinic blas de rómánsachas diamhair na hóige ar a saothar, ach níos déanaí bhí dianmhachnamh spioradálta le mothú ina cuid filíochta. Luaigh sí [[Somhairle MacGill-Eain]] mar fhile a chuaigh i bhfeidhm uirthi. Cé nár mhian léi tús áite a thabhairt do leaganacha Béarla a saothair, lean sí uirthi ag léamh a cuid dánta sa dá theanga do lucht éisteachta measctha agus i nGaeilge amháin ag ócáidí eile, agus fonn uirthi cabhrú le foghlaimeoirí na Gaeilge.<ref name=":0" /> In 2003 bhronn An Comunn Gàidhealach an céadú Coróin Filíochta uirthi.<ref name=":2" />

== Aisteoireacht ==
=== Aisteoireacht ===
I ndeireadh na seachtóidí bhí sé le feiceáil sa chúrsa Gaeilge ''Can Seo'' ar an teilifís, agus bhí sí páirteach i gcláir Ghaeilge eile sna 1980idí.
I ndeireadh na seachtóidí bhí sé le feiceáil sa chúrsa Gaeilge ''Can Seo'' ar an teilifís, agus bhí sí páirteach i gcláir Ghaeilge eile sna 1980idí.

==Cúrsaí pearsanta==
==Cúrsaí pearsanta==

Leagan ó 01:18, 16 Meitheamh 2024

Infotaula de personaCatrìona NicGumaraid
Beathaisnéis
Breith22 Márta 1947
Dùn Bheagain, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Eanáir 2024
76 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban
Teaghlach
SiblínMòrag NicGumaraid

File Gaeilge as Albain ba ea Catrìona NicGumaraid (22 Márta 1947 – 5 Eanáir 2024).

Rugadh í i Ròdhag, i ngar do Dhùn Bheagain, ar an Eilean Sgitheanach. Rinne sí staidéar ar stair Cheilteach agus Albanach in Ollscoil Ghlaschú, agus chuaigh sí ar Choláiste Chnoc Iòrdain chun cáilíocht a fháil mar mhúinteoir meánscoile.[1][2] Thosaigh sí ag scríobh filíochta i nGaeilge agus i mBéarla sna 1970idí, agus d’fhoilsigh sí a céad chnuasach in 1974.[3][4]

Beatha

Teagasc

Mhúin NicGumaraid Gaeilge agus Léann Nua-aimseartha in Ardscoil Penilee i nGlaschú.[5]

In 1973 toghadh í mar an chéad scríobhaí ag Sabhal Mòr Ostaig in Slèit.[1]

Scríbhneoireacht

D’fhoilsigh NicGumaraid a cuid dánta ar dtús in 1970, san iris Gairm.[1] Foilsíodh a cuid dánta ina lán irisí eile chomh maith, amhail Lines Review, Akros, agus Chapman, agus tá dánta léi sa leabhar An Aghaidh na Sìorraidheachd a chuir Crìsdean MhicIlleBhàin in eagar in 1991. Scríobh NicGumaraid faoi chúrsaí grá, teaghlaigh, creidimh agus dúchais. Sna dánta ba luaithe aici ba mhinic blas de rómánsachas diamhair na hóige ar a saothar, ach níos déanaí bhí dianmhachnamh spioradálta le mothú ina cuid filíochta. Luaigh sí Somhairle MacGill-Eain mar fhile a chuaigh i bhfeidhm uirthi. Cé nár mhian léi tús áite a thabhairt do leaganacha Béarla a saothair, lean sí uirthi ag léamh a cuid dánta sa dá theanga do lucht éisteachta measctha agus i nGaeilge amháin ag ócáidí eile, agus fonn uirthi cabhrú le foghlaimeoirí na Gaeilge.[1] In 2003 bhronn An Comunn Gàidhealach an céadú Coróin Filíochta uirthi.[2]

Aisteoireacht

I ndeireadh na seachtóidí bhí sé le feiceáil sa chúrsa Gaeilge Can Seo ar an teilifís, agus bhí sí páirteach i gcláir Ghaeilge eile sna 1980idí.

Cúrsaí pearsanta

Bhí NicGumaraid pósta agus bhí beirt chlainne aici. Fuair sí bás ar an 5 Eanáir 2024 agus í 76 bliana d’aois.

Rogha dánta

Foilseacháin

  • A' Choille Chiar (1973) – in éienacht lena deirfiúr, Mòrag NicGumaraid
  • An Aghaidh na Sìorraidheachd: Ochdnar Bhàrd Gàidhlig (1991) – duanaire nuafhilíochta Gàidhlig
  • Rè na h-Oidhche (1994)

Obair eagarthóireachta

  • NicGumaraid, Catrìona (deas.) 1980. Òrain Aonghais agus an Sgiobair: Òrain le Aonghas Fleidsear agus Iain MacNeacail (Dundéagh [Dùn Dè]: Catrìona NicGumaraid)

Naisc sheachtracha

Tagairtí