7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/149


Airteagal 224

(sean-Airteagal 191, an dara mír, CCE)

Leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, reacht na bpáirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe na rialacha maidir lena maoiniú.